Cad é tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh?

Tá an ceart ag saoránaigh iarratas a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisiún Eorpach le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun reachtaíocht a mholadh. Teastaíonn 1 mhilliún duine a fháil ó gach cearn den AE chun é a shíniú.

Is iad seo a leanas na sainchuspóirí a thugamar isteach don Choimisiún Eorpach:

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 114, 118 agus 168 de, iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach tograí a dhéanamh le haghaidh na reachtaíochta uile chun

  • a áirithiú nach gcuirfidh cearta maoine intleachtúla, ar a n-áirítear paitinní, isteach ar an rochtain ar aon vacsaín COVID-19 ná ar aon chóireáil le haghaidh COVID-19 a dtiocfaidh ann dóibh, ná nach gcuirfidh siad isteach ar infhaighteacht aon vacsaíne nó aon chóireála dá leithéid;
  • a áirithiú, i dtaca le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le heisiachas sonraí agus margaidh, nach ndéanfaidh an reachtaíocht sin aon teorannú ar éifeachtacht phras na gceadúnas éigeantach arna n-eisiúint ag na Ballstáit;
  • oibleagáidí dlíthiúla a thabhairt isteach, oibleagáidí a bheidh ar thairbhithe as cistí Aontais cibé faisnéis, maoin intleachtúil agus/nó cibé sonraí atá acu i gcomhthiomsú teicneolaíochta nó i gcomhthiomsú paitinní a roinnt i gcás inar faisnéis, maoin nó sonraí iad sin a bhaineann le teicneolaíocht sláinteachais COVID-19;
  • oibleagáidí dlíthiúla a thabhairt isteach, oibleagáidí a bheidh ar thairbhithe as cistí Aontais i dtaca le trédhearcacht faoi ranníocaíochtaí poiblí agus le costais táirgthe, agus i dtaca le clásail rochtana agus inacmhainneachta arna gcomhcheangal de cheadúnais neamheisiacha.
 
No Profit on Pandemic

Roinn an Tuaslagán

Scaip an tionscnamh saoránaigh seo agus tacú linn 1 milliún síniú a bhailiú.

No Profit on Pandemic

Déan Teagmháil    |   info@noprofitonpandemic.eu

Is bealach chun reachtaíocht a mholadh do Choimisiún Eorpach é tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

© 2020. Disclaimer.
Top